Scéalta Deasa
(2003-04) Caitheamh Aimsire
Dia duit. Lig do scíth is éist len ár gcuid scéalta
Scéal Brónach - Sukko
D’oscail mé mo shúile.
D’fhéach me amach agus chonaic mé mo choinín marbh in aice a chró.
Bhí brón an domhain orm.
Fuair mé spád agus rinne mé poll sa ghairdín.
Chuir mé mo choinín ann. Bhí mé ag caoineadh.
Tharla an scéal seo anuraidh.
Mo Pheata - Sabu
Chuaigh mé go dtí an siopa peataí I bPort Láirge.
Agus cheannaigh mé madra deas mór.
Lennix is ainm dó agus is maith liom é.
Caithim liathróid leis sa ghairdín agus rugann sé uirthi.
Lá amháin d’ith sé¯ mo dhinnéar mar bhí ocras an domhain air. Spórt - Raptor
Chuir mé mo chulaith spóirt orm.
Chuaigh mé amach ar an bpáirc.
Bhuail Daithí an cúl báire.
Ansin thug an réiteoir cárta buí do Dhaithí.
Bhuail Daithí an réiteoir agus thit sé ar an talamh.
Fuair Daithí cárta dearg ansin agus bhuaigh an fhoireann eile an cluiche.
Cluiche ceannais a bhí ann .
Sa Bhaile le Ninja
Bhí Mamaí ag dul amach.
Bhí sí ag dul go dtí an baile mór- Dún Garbhán.
Fuair sí a cóta agus chuir sí sa charr é.
D’imigh sí.
Chuaigh mé féin amach sa ghairdín agus thosaigh mé ag imirt cluiche cispheile.
Ansin d’imigh mé chun mo chara a fheiceáil.
An Luichín
Is maith liom capall.
Bhí mé ag marcaíocht.
Bhí an- spórt agam.
Jack
Heileo is mise Jack.
Táim I mo chónaí I Sráidbhaile, Co Phort Láirge.
Téim ar scoil I Scoil na Croise Naofa.
Is maith liom matamaitic agus léamh.
Slán
Spike is ainm dom.
Is maith liom ealaín.
Rinne mé péintéireacht ar scoil agus bhí Frankenstein mór ar an mballa.
Bhí mé sásta.
Rinne mé gáirdín beag sa bhaile.
Chuir mé pasta, lego agus cré ann.
Tá sé ar scoil anois.
Is breá liom é.
Homer is ainm dom.
Is maith liom an sorcas
Is breá liom an fear grinn .
Bím ag gaire.
Ithim candy floss ag an sorcas.
Chuaigh mé agus mo chlann go dtí an sorcas I nDún Garbhán .
Sam is ainm dom.
Chuaigh mé go Fota.
Chonaic mé Tíogar.
Is maith liom tíogar.
Tommy is ainm dó.
NNNNN is ainm dom.
Is maith liom Feraris.
Bíonn siad ag dul go tapaidh.
Ba mhaith liom dul go
dtí grand prix.
Ar Maidin - le MMMM
Léim mé as an leaba agus nigh mé mo lámha agus m’aghaidh sa seomra folctha.
Ansin d’ith mé mo bhricfeasta agus d’ól mé cupán tae.
D’fhéach mé ar an teilifís agus chonaic mé Will agus Grace. Is maith liom an clár sin. Bhí orm an teach a fhágáil agus dul ar scoil
D'fhág mé an P. S. 2 sa bhaile ach imreoidh mé cluiche FIFA 2003 ANOCHT!
----------- ^top^ -----------------------------------------------------------<back<
Archive
Facts (2001-02) Facts (2002-03) Facts (2004-05)
|