Nollaig Shona Daoibh go Léir
Agus
Athbhlian faoi mhaise daoibh leis
Ó
Gach éinne I
Scoil na Croise Naofa
Radharc 1
Aingeal :
Dia Duit a Mhuire!
Ná bíodh eagla ort. Tá tú lán de ghrásta .
Tá an tiarna leat. Beidh leanbh agat – Íosa – mac iontach – mac Dé.
Beidh sé ina rí. Tiocfaidh a ríocht agus beidh sé ann go deo .
Radharc 2
Gnáth Lá
Radharc 3
Caesar : Éistigí a fhir. Tá rud tabhachtach le insint díobh inniu. Tá níos mó airgid uainn agus tá sé beartaithe agam ( an duine is tabhachtaí sa tír , ar ndóigh) airgead a bhailiú ó gach uile duine - is cuma bean nó fear é. Beidh cáin nua le íoc acu agus beidh orthu a nainmneacha a scíobh síos sa leabhair rolla. An dtuigeann sibh?
Saighdiúr : Tá go deimhin Caesar, ach cad ba cheart dúinn a dhéanamh anois?
Caesar : Téigí agus cuirigí in iúil dos na ghnáth daoine cad atá uaim. Gach duine – na daoine I Judaea fiú amháin mar is páirt den impireacht rómhanach anois é. Abair go mbeidh na hainmneacha go léir agam agus nach bhfuil cead ag éinne fanacht anseo gan an t-airgead a thabhairt dom. Brostaigí anois díreach
Saighdúir: Tá go maith . Tuigeann sibh cad atá I gceist – imigí agus déanaigí é - ar an dtoirt!
Ceol
Saighdúir : Tá dea-scéal againn daoibh! – Ha ! Is toil Caesar , an ceannaire is tabhachtaí ar domhain, cáin nua a bhailiú uaibh comh luath agus is féidir.
Ghnáth duine :Cáin? Cén sórt cáin?
Saighdúir : Is cuma cén sórt!1 Tá oraibh go léir é a íoc. Tá gá le airgead. Tá sé ag teastáil ó Caesar agus uainn.
Gnáth Duine : Níl aon airgead breise againn. Tá preiseanna ró-ard anois agus níl mo dhóthain airgid agam….Imigh leat! Ní thabharfaidh mé aon cáin duit!
Saighdúir : Stop an ráiméis! Rachaidh tú is gach duine eile go dtí an áit ina rugadh tú agus scríobhfaidh tú d’ainm sa leabhair rolla agus – íocfaidh tú an cáin nua .
Saighdúir eile : Ciúineas anois……. Níl aon dabht ann agus is fíor é sin. Tá Caesar ag smaoineamh oraibh go léir agus an rud is fearr daoibh. – Ha!
Radharc 4
Iosaf : Conas atá tú?
Muire : Ta tuirse orm ach ní ghearanta dom i ndairíre.
Iosaf : Chuala tu cad a bhí á rá ag na
saighdiúirí…..Caithfimid dul go Beithil agus ár n-ainmneacha a scríobh síos sa rolla.
Muire: Tá an turas fada ach níl dul as againn....
Iosaf : Leanfaimid ar aghaidh go mall réidh . Bíodh misneach againn…..Tabharfaidh mé aire duit a Mhuire ..Gheobhaidh mé asal chun go mbeadh an turas níos fusa duit
Amhráin
Iosaf : An bhfuil seomra agat a dhuine uasail? Ta mo bhean ag súil le leanbh agus tá seomra uainn , más é do thoil é.
Fear :Tá brón orm ach tá an teach lán go doras.
Íosaf : Tabhair cabhair dúinn in ainm Dé. Féach orainn..tá mo bhean tuiseach traochta agus í ag iompair. Tá mé féin clipithe cráite. An bhfuil aon chuinne, in aon áit agat dúinn…chun sos beag a thógaint………le do thoil , a dhuine uasail?
Fear : Bhuel! Tá mé ghnóthach agus tá an áit dubh le daoine ...ach tá stábla agam …..níl an oíche doracha agus muna gcuirfeadh na hainmhithe as daoibh.....is seid beag é sin an t-aon spás amhain atá fágtha.
Muire : Go raibh míle ...
Íosaf : Míle buíochas
Radharc 5
Na hAoirí :
1 : Féach ar sin!
2 : Cad é?
1 : Níl a fhios agam ach ní fhaca mé riamh solas chomh geal sa spéir. An bhfaca tú?
2 : Ní fhaca mé.
3 : Amadáin sibhse! Níl ann ach réalt…( go ciúin).níl ann ach réalt …..cheapaim.??????????
2 : Cuirfidh mé ceist ar ---- cad a cheapann sé.
3 : -------- ‘sea déan é sin tuigeann an fear sin gach rud i gcónaí !!
2 : Ná bí ag magadh faoi. Níl sé go deas .
4 :-------(ina chodladh) Cad a tharla?
3 : Féach suas. Cad a cheapann tú faoi’n solas láidir sin ?
4 : ---Faic ! Tá tuirse orm…
2 : Dia na Glóire ...Seas suas.
Brostaigí. Leanfaimid an solas agus feicfimid cá bhfuil sé ag dul.
Radharc 6
(Suantraí - Na haoirí sa chruib)
Radharc 7
Na Trí Ríthe agus an Rí Heroid
1 : A rí Heroid, cad é an solas geal atá sa speir os cionn na tíre seo?
2 : ‘sea thugamar faoi ndeara go raibh réalt nua b’fheidir ar Neamh . Tá ionadh an domhain ar Heroid
3 : Cár rugadh an leanbh speisialta?…..Deirtear go mbeidh sé ina rí - rí na Giúdaigh…….
Heroid leanbh? Ina rí ? Anseo I Judaea ?
An ag magadh atá sibh?
3 : ‘Sea an Messiah …….Slánaitheoir na ndaoine
Tá an domhain go léir ag feitheamh leis .
Heroid :Níor chuala me trácht air ……níor chuala mé faic mar gheall ar rí nua - Is mise an t-aon rí amháin sa tír seo agus ní thiocfaidh athrú ar an scéal sin go deo na ndeoir. ( fearg air)
1 : Ach , a Rí uilechumhachtach nár chuala tú an scéal sa Bhíobla … .go dtiocfaidh rialtas ó Judaea agus go mbeadh sé i gceanneas muintir Israel go léir?
Heroid Chuala mé……mmmmm
Faigh amach cá bhfuil an rí seo agus tar ar ais chugam leis an scéal …..Tá fonn orm dul, agus – er,- bronntanas , a thabhairt dó.
Imíonn Heroid as radharc
1 : Bhuel ! Ní raibh sé ró sásta leis an nuacht !
2 : Ba cheart dúinn go léir bronntanais a fhail don rí nua.
3 : Ar aghaidh linn agus beidh a fhios againn féin cá bhfuil sé agus conas atá sé – tá sceitimíní orm anois !
1 : Mise leis!
Radharc 8
Gléasann ceol : Recorder , triangle, glockenspiel. Bells and guitar.
The Christmas Waltz
Damhsa
Duine ag teacht ar cuairt. Ina dhiaidh sin tagann a cháirde go leir chun Íosa a fheiceáil
Radharc 9
Daoine ó Bheithil
1 : Ar chuala tú an scéal?
2 : Chuala mé agus is iontach an nuacht é. Deirtear go bhfuil an leanbh óg ina rí. Ní thuigim . Rugadh é I stabla I measc na hainmhithe.
3 : Chuala mé go sabháilfidh sé sinn go léir agus má éisteann tú leis ní bheidh i do shaol ach grá is áthas.
1 : An bhfuil cead againn cuairt a thabhairt air? An dtiocfaidh sé anseo?
2 : An dtiocfaidh rí anseo I measc na daoine bochta? An bhfuil tu as do mheabhair?
Ní bheidh suim dá laghad aige I ndaoine bochta cosúil leatsa agus liomsa. Oscail do shúile agus féach orainn.
4 : Níl an ceart agat – Ta an rí seo diffriúil . Tá grá aige do cách is cuma cé chomh bocht atá tú!
2 : Nach maith an rud é sin
1 : Cad is ainm dó?
3 : Íosa - Íosa Abú - hip hip Hurrá x 3

Tá amhráin is ceol againn sa scoil má bhfuil éinne ag lorg iad, Scríobh chugainn ? is fáilte. Slán