Cad a thug tú san áit seo a chailín deas óig, 'S tú ag caoineadh go brónach 's ag sileadh na ndeor? Tá long i gCill Ala 'gus Francaigh ar bord, Is na Gaeil ann chun fáilte a chur rompu. Ó d'imigh mo Pháidín is píc ar a ghualainn Is amhrán na saoirse á chasadh go tiúnmhar, Ach tá mo chroí briste 'gus mé gan mo stór, Is cá bhfios dom an bhfeicfinns' arís é?
Go Béal an Átha lean mé ar lorg mo mhian Tríd an oíche réaltógach 'sea shiúl mé go dian 'Sé dúirt mé nach scarfadh aon chogadh sinn chóich' Fiú dá seasfadh an t-ifreann féin eadrainn. I mBéal an Átha chuir mise fios ar mo Phádraig Is corpáin na Yeos ann ag breacadh na háite Ach 'sé dúradh liom láithreach go raibh sé le fáil Ar an mbealach chun Caisleán an Bharraigh.
I gCaisleán an Bharraigh 'sea chuala scéal Mar ar ruaigeadh na Gaill ann ag Arm na nGael Is go bhfeicfimis feasta ár dtír dúchais saor Ó na tiarnaí talún 's a chuid rialtais. Do chonac san áit sin na bratacha uaine De chuid na bhFear Aontaithe cróga ar luascadh, Ach mo léan géar, ní bhfuaireasa rian mo rúin Is é ag máirseáil ag tosach an tslua.
Cá bhfuaireas mo ghrá geal ag deireadh an lae Ach 'na luí ar an bhfód 's é chomh fuar leis an gcré, Is fuil a chroí ghléineach ar stealladh ó gach taobh Is an solas ag tréigint a ghnúise. "A lao ghil, ní scarfaidh na slabhraí sinn feasta, Foiréigean strainséirí, ná claondlithe gallda, Is ní fada an tréimhse faoi chodladh an bháis, Nó go gcaithfear an Rí sinn le fána!" |
|
|