Sean O'Shea

Do bhí bean uasal (Video)

Do bhí bean uasal seal dá lua liom,
's chuir sí suas díom fóraíl ghéar
Do ghabhas lastuas di sna bailte móra
Mar go dtug sí svae léi os comhair an tsaoil.

Ach dá bhfaighinnse a ceann siúd faoi áirsí an teampaill
Do bheinn gan amhras ar m'ábhar féin
Ach anois táim tinn lag 's gan fáil ar leigheas agam
Is go mbeidh mo mhuintir ag gol im' dhéidh.

Do shiúlaíos Éire is an Mhumhain le chéile
Is cois Beann Éadair ag lorg mná
Is ní fhaca éinne ar fhaid an méid sin
Do dhein mé phléasáil ach mo Mhalaí Bán.

Mná nah Éireann do chur le chéile
Is nach mór an t-aeraíocht dom san a rá
'Sé dúirt gach éinne a chonaic mo spéirbhean
Go dtug sí svae léi ó Chontae an Chláir.

Tá an ghrian ag imeacht is tá an teas ag tréigean
Is an tart ní féidir liom féin do chlaoi
Mar go bhfuil an geall orm ó Shamhain go Féabhraí
Is ní bheidh sí reidh liom go dtí Lá Mhichíl.

Ach geallaim féin daoibh nach mar gheall ar an méid sin
A d'iontaíos féinig i gcoinne na dí
Ach mar gheall ar mo chéad searc a dhein mé thréigean
Chuaigh sí ag bailiú déirce dá clann iníon.

Agus táim tinn breoite is mo chos dheas leonta
Ó ghabh an ógbhean úd tharam isteach
D'iarras póigín uair nó dhó uirthi
For I'd long to roam with my own sweetheart.

For I'm tired of drinking and I'm seldom sober
I'm a constant rover from town to town
But now I'm dying and my days are over
Come, Malaí, a stóirín, and lay me down!

Hansis Schlagerseiten