Ar an mbóthar go Chapeau is mála ar mo ghualainn Maidin bhreá fhómhair ag banú an lae Bhí deargphaistí fuillteach' ar chrannchlúdach órga Is brollach an tsléibhe dá mhuirniú faoin ngréin. Ar dhroichead an mhuillin a rinneas maoil tamaill Is scáil na gcnoc daite i nguairneáin an tsrúth' Ach ba shearbh an sólás é áilleacht don óigfhear Gur chuala a ghlór agus é bhí faoi ghruaim.
'Sé deir an t-óigfhear: "Is fíorbheag a cheap mé, 's mé ar sclábhaíocht 'sna coillte, Is fíorbheag a cheap mé, 's mé ag síorbhaint na gcrann, 'Gus is ríbheag a cheap mé tar éir na tiomána Go bhfeicfinn thú pósta ar an mbuachaill donn. Do gheallais gur dílis a d'fhanfá sa gheimhreadh 'S nach n-aireofá laethanta an earraigh faoi bhláth Is go mbeimisne ceangailte ar filleadh ar ais dom Ach is tusa a mheall mé, 's tú d'fhág mé faoi chrá."
'Sé deir an óigbhean: "Is dílis a d'fhan mé trí shneachta an gheimhridh 'S níor airigh mé laethanta an earraigh faoi bhláth Ach níor gheall mé dhuit riamh go bhfanfainn an samhradh 'S gan scéal ar bith uaitse, 's tú ar an drabhlás. Ar cheap tú go bhfanfainn im mhaighdean go buan 'S mé ag feitheamh le réice gan ór buí 's gan mhaoin? Ach is fearr duitse imeacht ar an gcoillteoireacht feasta, 'S níl ábhar firchéile id short de mhaicín."
Is iomaí bean álainn a mheall mé im óige, Is iomaí bean álainn a d'fhág mé faoi bhrón, 'Gus is iomaí tráthnóna 'tá curtha amú 'gam I dtóin teach an leanna, 's mé ag imirt 's ag ól. A óigfheara abhantrach na hOttawa leithne, Glacaigí an chomhairle seo ó sheanduine duairc An t-ór buí a sparáil 's an fuiscí a sheachaint Is beidh mar bheanchéile dhaoibh cailín deas suairc. |
|
|