Bóthar mór iarainn 's é sínte mar ribín im dhiaidh Mar a n-aontaíonn dá ráille le chéile ag órbhun na spéir' Os mo chomhairse clár leathan an iarthair faoi shúiste na gréin' Gach ló do mo shíorbhogadh i dtreo na mara móir' thiar.
Tagann an litir seo chughatsa, a lao ghil 's a stór Ó champa iargúlta lánuaigneach in aice na habhann Ar a bruach 'tá daoine 'na gcónaí le deich míle blian 'S é Atabasca an t-ainm a thugtar ar mhórshrúth faoin sliabh.
Ní féidir liom páipéar a bhreacadh lem láimhse gan léann Ach tá Gael óg sa mheitheall a dhéanfadh ar phraghas dhá bhuidéal Creid mise go sileann mo smaointí fíordúilmheara tríd Mar na deoracha tuilteacha a shileann óm shúile síos.
An cuimhin leat Seán Mhichíl Fhada ó imeall na trá? Ní fheicfear mo dhuine arís agus sliabh ar a cheann Is Páidín a mheallfadh na clocha fiú, lena chuid cheoil Phléasc canna nitro ina lámha, 's é caillte go deo.
Dollar sa lá 'tá á thuilleadh agams' insan mbuíon Ag gearradh tollán trí na sléibhte 's ag leagadh an riain Diabhail pingin a chaillfead ar chearbhachas, fuiscí ná beoir Gach bonn de a sparáil go dílis go dtiocfaidh mo stór.
Téann na laethanta thart agus mé gan mo mhian Ach le cúnamh Dé, seolfad an turas anall chughat faoin mbliain Tá an talamh mar mhaighdean nár ligeadh aon chéachta inti riamh Gan lorg na spáide, gan tiarna, gan chlaí is gan chíos.
Deirtear nach fada go mbeidh ár gcuid oibre istigh Is go bhfaighmidne píosa breá talún faoi cheann cúpla mí 'S mé ag tnúth leis an lá agus tú le mo thaobhsa arís Agus cloisim do ghuth agus mé i mo leaba istoích'. |
|
|