(Chorus:)
|: Bualadh bos, bualadh bos,
bualadh bos go léir
Tá Daidí na Nollag ag teacht anois,
anuas an simléar :|
Tá'n Nollaig buailte linn,
Tá áthas ins an aer
Tá sneachta ar an talamh,
Tá réaltaí ins an spéir.
Tá muid ag dul a chodladh
's tá ár stocaí réidh
Tá Daidí na Nollag ag teacht anois
Anuas an simléar.
Chorus
A Dhaidí, brostaigh ort,
's cuir do mhála síos
Líon suas na stocaí beaga
le féiríní arís.
Is mithid duit imeacht
suas an simléar
Tá páistí beaga ag fanacht leat
i ngach aon áit faoin spéir.
Chorus