Esperanto? Céard é sin?

Teanga,

a cumadh chun áis a chur ar fáil chun cumarsáid a dheánamh idir dhaoine ó thírortha éagsúla. É in úsáid phraiticiúil le os cionn céad bliain,tá an tEsperanto tar éis é féin a chruthú mar theanga bheo ar féidir gach den smaointeachas daonna a chur in iúl ann.

Idirnáisiúnta agus neodrach
Ní le haon tír le haon chine ar leith an tEsperanto. Is le gaoch aon duine é go cothrom a labhoraíonn é, éag feidhmiúmar dhroichead idir na cultúir.

Tá sé éasca!

Tá struchtúr ag an Esperanto atá simplí, rialta agus thar a bheith solúbtha, agus foclóir a bhfull cáilíocht idirnáisiúnta aige. Dá bhrí sin is féidir líofacht a bhant amach i bhfad níos sciobtha ná mar is féidir in aon teanga eile - ta sé suas go deich n-uaire níos easca é a fhoghlaim, de réir torthaí staidéar ealaíochta. 

CÉN FÁTH ESPERANTO A FHOGHLAIM?

Cuir aithne ar chairde 
ar fud an domhain, mar shampla, trí chairde pinn a bheith agat i dtíortha i bhfad ó gcéin agus ó chultúir eile. Más maith leat taisteal, tig leat an "Pasporta Servo" a thabhairt leat, a bhfuil cainteoirí Esperanto i 80 tír liostáilte ann. Is suim leo lóistín a thabairt duit in aisce agus b'fhéidir freisin go dtaispeánfaidís duit dá mbaile nó dátír. 

Freastal ar chruinnithe
mar aon le cainteoirí eile Esperanto: i do bhaile nó i do thír féin, nó go hidirnáisiúnta. Tarlaíonn na cruinnithe, ar nós Comhdháil Idirnáisiúnta an Esperanto, Comhdháil Idirnáilsiúnta na hÓige agus cruinnithe eile idirnáisiúnta don óige i dtíortha éagsúla gach bliain agus is iontach na hocáidí iad do na mílte daoine a ghlacann páirt iontu.

Foghlaim faoi chultúir eile 
trí mheán atá idirnáisúnta go fírinneach. Tá litríocht fhairsing ag an Esperanto, idir shaothair aistrithe agus saothair a cumadh san Esperanto féin, ar iliomad ábhar, agus tá neart treimhseachán agus craolta raidió ann san Esperanto chomh maith.

CONAS ESPERANTO A FHOGHLAIM?

Cúrsaí agus téacsleabhair
atá ar fáil i go leor tíortha agus teangacha. ös rud égo bhfuil an tEsperanto chomh heasca sin, tig leat é a fhoghlaim leat féin freisin nó le cúrsa poist atá ar fáil saor in aisce.

Déan teagmháil
leis an ngrúpa no leis an eagraíocht atá i do thír féin, nó scríobh chuig Eagraíocht Dhomhanda na nEsperantóirí Óga (TEJO) a bhfuil baill aige in os cionn 100 tír ar fud an domhain. Beimid an-sásta cibé cúnamh nó eolas a thabairt duit a dtig linn. 

Seolta:

Eire TEJO
Cumann Óige Esperanto na hÉireann Nieuwe Binnenweg 176
204 Bóthar Sheanleasa NL-3015 BJ Rotterdam
B.Á.C 9 An Ísiltír
nó greasán: [email protected]

 

index | chat

 

Hosted by www.Geocities.ws

1