STAIR NA NAISCOILE

Tosaíodh ag plé scéal na Naíscolie in Aibreán 1994, nuair a d'aimsigh baill de Chonradh na Gaeilge agus daoine a raibh suim sa Ghaeilge acu go raibh éileamh ar a leitheid fán bhaile. Cuireadh coiste ar bun agus osclaíodh Naíscoil An tSratha Báin,an chéad Naíscoil I dTír Eoghain i Meán Fómhair 1994.


Is tríd an Naíscoil a bhronntar déis ar pháistí óga ó gach traidisiún an Ghaeilge a thógáil go nadúrtha. Sna blianta deireanacha seo anuas, rinneadh taighde ar oideachas dátheangach agus fuarthas amach go gcuireann an dátheangachas seo le:


Scilleanna teagmhála an dá theanga,


Tuiscint teangacha go bunúsach,


Tógáil teanga eile, (atá riachtánach ar an mheánscoil)


Leibheál líofachta sa Ghaeilge nach bhfaighfeadh said níos moille ina saol.


Anois, tá rath na Naíscoile ag brath go mór-mór ar obair dhian an choiste agus an Chonartha, ar tacaíocht óna tuismitheoirí agus ar fhaithliúlacht an phobail féin. Tá muid ag súil go gcoinneofear ag cuidiú linn an seans iontach seo a bhronnadh ar mhuintir óg an bhaile amach anseo

 

Ar ais

Hosted by www.Geocities.ws

1