
"Labhair í agus mairfidh í."

Eolas fán suíomh
Is mac léinn mé féin atá i mbun céime sa Ghaeilge i láthair na huaire. Chruthaigh mé an suíomh seo do lucht na Gaeilge ach go háirithe do dhaoine atá ag foghlaim na teanga mar dhaltaí scoile, mic léinn srl. Tá aiseanna ar an suíomh ach ag an am céanna tá suímh thar moladh beirte ar fáil ar an idirlíon chéanna féin do lucht na Gaeilge agus is é an phríomhaidhm atá ag an suíomh seo ná iad a thabhairt le chéile. Mar sin de beidh an suíomh seo i bhfeidhm mar acmhainn. Ní bheidh oraibhse am a chaitheamh ar lorg suímh ar an idirlíon mar tá siad (beagnach) ar fáil anseo agus beidh mé á chur leo nuair a thiocfaidh mé trasna orthu san am atá le teacht. Má thagann sibh trasna suímh de chineál éigin a bhfuil baint acu leis an Ghaeilge agus atá maith níl le déanamh agaibh ach teagmháil a dhéanamh liomsa. Bheinn an-bhuíoch daoibh dá dtiocfadh libh bhur moltaí a thabhairt domsa le feabhas a chur leis an suíomh
![]() |
| toolbar powered by Conduit |