| Cé hé Tadhg Ó Muiris? | |||||||||||||
![]() |
|||||||||||||
| Griangraf le Catherine McCleary, Photoscape | |||||||||||||
| Le dhá bhliain i ndiaidh a chéile, tá áit bainte amach ag Tadhg Ó Muiris ag Fleadh na hÉireann. Bhain sé an tríú háit amach arís in Inis Corthaidh sa chatagóir "Amhrán Nuacheaptha i nGaeilge", as ucht a phíosa Litir an Navvy. | |||||||||||||
| Rugadh mé i dToronto, Ceanada, i 1959, agus thosaigh mé ar an nGaeilge a fhoghlaim liom féin agus mé 16 bliana d'aois. Is cláirseoir mé, agus scríobhaim nua-amhráin traidisiúnta i nGaeilge a léiríonn beatha na nGael-Cheanadach in Abhantrach na hOttawa Uachtaraí, áit ar chuir mo shinsear fúthu breis is 150 bliain ó shin. In éineacht le Gaeilgeoirí eile, bhí mé páirteach i mbunú Craobh Toronto de Chonradh na Gaeilge i 1988, agus is iar-chathaoirleach na Craoibhe me. In éineacht le Cáit Ní Chrosáin, Deb Quigley agus Jack McRae, ghlac mé páirt sa ghrúpa ceoil Cistin Chití. I 1998, bhain mé an tríú háit amach i bhFleadh na hÉireann, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, sa chatagóir "Amhráin Nuacheaptha i nGaeilge." Bhain mé an áit chéanna amach i 1999 sa bhFleadh in Inis Corthaidh. Is iar-Oifigeach na Gaeilge, Craobh Langan/Gorman, Comhaltas Ceoltóirí Éireann mé, agus fuair mé deontas ó Chomhdháil Cheanadach na nEalaíon anuraidh chun taighde agus cumadóireacht a dhéanamh i gceol Gaelach traidisiúnta. Níor fhoghlaim mé an Ghaeilge, agus ní scríobhaim amhráin sa teanga sin, toisc gur bréag-Éireannach éigin mise ar mhaith leis seilbh a ghlacadh ar chultúr nach mbaineann dó i ndáiríre. Déanaim amhlaidh toisc gur Ceanadach bródúil mise, duine de shliocht na nGael a tháinig go Ceanada agus a chuir le hoidhreacht chultúrach na tíre seo. Dar liomsa nach bhféadtar mo chuid cumadóireachta a scarúint ó chomhthéacs an ilchultúrachais Cheanadaigh, bunprionsabail ár bpobail. Is lárphointe tábhachtach Abhantrach na hOttawa Uachtaraí, an réigiún arb as do mo mhuintir, fá dtaobh de cheol agus cultúr Gael-Cheanadach do dtí an lá atá inniu ann. Baineann na téamaí de mhórchuid na n-amhrán seo leis an áit sin, maraon le troid na ndaoine bundúchasacha i gcomhair fhéinrialtais, stair na hÉireann, agus oidhreacht an Ghórta Mhóir i gCeanada. Is féidir le duine nach bhfuil aon Ghaeilge aige taitneamh a bhaint as amhrán Gaeilge, agus é á rá ag fonnadóir traidisiúnta. Ritheann sé liom, dar ndóigh, go mbeadh sé níos deaicre dóibhsean an méid céanna taitnimh a bhaint as bheith ag léamh véarsaí aistrithe, nó bheith ag éisteacht le fuaimshamplaí gearra, mar atá le fáil ar an suíomh seo. Tá an láithreán seo dírithe, mar sin, a bheag nó a mhór, dosna daoine a bhfuil roinnt Gaeilge acu ar a laghad, agus thar gach uile ní, d'amhránaithe traidisiúnta, mar is obair gan tairbhe an chumadóireacht gan a torthaí i mbéal na bhfonnadóirí. Is obair uaigneach í chomh maith, uaireanta, bheith ag cumadh amhrán i nGaeilge i dToronto, agus iarraim oraibhse, a chairde, e-phost a sheoladh chugam ó ham go chéile, nó teachtaireacht a fhágáil i Leabhar na nAíonna. Cad a mheasann sibh den tsuíomh seo agus de mo chuid cumadóireachta? Táim ag tnúth le chloisteáil uaibh. Tadhg Ó Muiris |
|||||||||||||
| [email protected] | |||||||||||||
| Ar ais go dtí an príomhleathanach Ar aghaidh go dtí na hAmhráin |
|||||||||||||