MIDI

Ar ais

Back

Cuirfidh mé chun srutha

Tadhg Ó Muiris, 1999

Cuirfidh mé chun srutha le héirí glé na gréine
Agus droim na habhann breactha faoi scáileanna na gcrann
Mar a mbíonn tuiltí cumhacha ag réabadh ina chéile
An Abhainn Dubh ag pléascadh san Ottawa go teann.

Stiúirfead chun ha háite 'mbíonn an Ottawa ag tormáil
Síos fionnadh-bhealach clúiteach na
voyageurs fadó,
I ndúiche na Nisneáibe, 's ar chúrsa na tiomána,
Is í tír na giúise báine 'na gcuirfear mé faoin bhfód.

Gearrfaidh lann mo chéasla tríd an uisce geal go héasca
'S mé ag tarraingt ar Da Swishaw 's mo chanú chomh mear le rón.
Ar shleasa beith-rúisc tréana beidh abhainn-cheol le héisteacht
Nó go múchfar é faoi thormán an easa chrochta romham.

Is an dtiocfaidh tusa, a rúnsearc, trasna Loch na Lasán liomsa
Mar a bhfaighmid an chorr ghorm mhór ar Charraig ard na nÉan?
Sínfidh sí a sciatháin go maorga os ár gcionnsa
Agus rachaidh sí go mómhar as amharc insan spéir.

Is an Chapeau bainte amach againn roimh luí na gréine corcra
Beidh fuisce ar an tábla le ragairne na hoích'.
Agus mé ag ól do shláinte go dtiocfaidh an mhaidin ghlégheal,
Faoi dhrúcht do bheola milse, 's tú sínte le mo thaoibh.
Hosted by www.Geocities.ws

1