Ó Lá Fhéile Stiofáin, 's í sár-thráth na bliana Ach tá mise báite i lionndubh 's i mbrón Cha chloistear im ghaire na seandánta diaga A thógfadh mo chroí 's mé im cháilín beag óg. Chan ólaimse sláinte mo chairde ná gaolta Ná réalta gheal ríoga an oirthir sa spéir Ó chaill mé mo chlannsa faoin leac oighir chraosach 'S gur fágadh gan mheabhair mé, 's gan anam, 's gan chéill.
B'fhuar an lá 'gus an abhainn sách cruaidh Ach cha rabh sí 'na codladh go sámh mar ba dóigh Nó bhí sí 'na luí ann mar dochnathair lúbach 'S í ag feitheamh ar choiscéim a seilge óig'. Bhí triúir mac domhsa le ghabháil siar go Pembroke Fá choinne na ngaolta 'bhí 'teacht ar an traein 'S an gamhain ab óige ag geonaíl 's ag gol Nó gur ligeadh dó dul 'na gcuideachta, mo léan.
Char bhain siad Pembroke amach mar cheann scríbe 'S charbh fhada gur aimsíodh an poll dubh sa leac Ar thit an seanlorraí 's mo cheathrar mac fríd Agus gearradh poll dubh fríd mo chroise, mo chreach. Istoíche 'sea shiúlfainn an abhainn go brónach 'S mé ag caoineach go dubhach 's ag mallachtú Dé, Gan hata, gan chóta, 's mo chosa gan bhróga, Agus rian na fola ar an sneachta im dhéidh.
Gan amharc le ráithe ar chorpáin mo chloinne 'S leac oighir mar leac uaighe mhór os a gceann D'fhan an scéal mar a bhí nó go dtáinig an briseadh 'S go dtugadh as tuama reoiteach na habhann. Goidé a bhí romham ach mo mhicín ab óige 'S a lámha mórthimpeall mhuinéal a dhriothár Bhí tréanfhir ag tarraingt an ualaigh bhrónaigh 'S na súile ag sileadh acu roimh radharc na marbhán.
'S an t-aon mhac amháin atá fágtha domhsa 'S é toradh mo bhroinne nár thóg Dia díom Cha rabh sé sa bhaile ar lá mo ghéarbhuartha In éadaigh shaighdiúra san Eoraip a bhí. Tá ceathrar mac breá láidir aige ó phós sé Is iad na garmhic is annsa liom féin. 'S iad baiste de réir na ndriotháireach bocht óg A cailleadh fadó insan abhainn araon. |
|