Nuair a scaoilfear slamhrái seaca ler ceanglaíodh an rabharta tréan Idir mílte méara glasa 's iad sínte i dtreo na gréin' Agus draíocht an sneachta díbirthe ag aoibhinn-cheol na n-éan 'S ar an maidin sin go bhfillfidh mé ar ais duit. Ach tá gearradh an gheimhridh fós againn le tiomáint síos an sruth Trí na tuilte bána marbhacha, 's trí charraigeacha crua Nó go sroichfimid na muilte 'mbíonn an t-uisce ag éirí ciúin 'S ar an maidin sin go bhfillfidh mé ar ais duit.
Nuair a fhásfaidh féar an tSamhraidh ar na cnoic go flúirseach ard Is na bánta gléasta i mbláthanna 's iad ag luascadh aniar 's anall Agus gáire séimh na gcailíní im chluasa go sámh 'S ar an maidin sin go bhfillfidh mé ar ais duit. Ach tá airgead an Earraigh cheana scaipthe le gaoth 'S na feirmeoirí 's a gcuid fhéir gan baint ar lorg lámha saor' Nó go mbeidh an fómhar istigh againn tar éis sclábhaíochta an lae 'S ar an maidin sin go bhfillfidh mé ar ais duit.
Nuair a bheidh na sléibhte órga ag cur fola ar an ngleann Is an ceo ag éirí as an loch 's é ag snámh i measc na gcrann Agus boladh an sneachta ar an ngaoth aduaidh go teann 'S ar an maidin sin go bhfillfidh mé ar ais duit. Ach tá macallaí na dtuanna le héisteacht insan gcoill 'S iad ag múchadh fuaim do bhinneghuth' im aigne istigh Agus lasracha mo thine ag tuar nach bhfeicfead thusa choích' Is go deo arís nach bhfillfidh mé ar ais duit. |
|
|