GAEILGE 2 NOTES
Dánta Dualgais Breise
Dán do Mhelissa – Nuala Ní Dhomhnaill.
Léiríonn an dán seo an grá atá ag an bhfile da
hiníon. Is léir seo ón gcéad líne nuair
a deir sí “Mo pháistín fionn”. Léiríonn an nóta pearsanta seo an cion atá
aici uirthi. Mar an gcéanna feictear
san athrá sa líne “tiolachím gach a bhfuil sa domhan seo mín, mín” an grá atá
aici atá comh doimhin sin go dtabharfadh sí aon rud di.
Tá an file ag iarradh domhan foirfe , soineanta,
gan bhrú nó conbhinsiún a bhronnadh ar an iníon. Ní bheadh foréigean nó coimhlint sa domhan seo. “Luífheadh an leon síos leis an uan
caorach. Ní bheadh eagla nó bac uirthi.
“Bheadh geataí an ghairdín ar
leatheadh go moch is go déanach.”
B’fhéidir go bhfuil sí ag rá
freisin nach mbeadh gá í a chosaint, nach mbeadh “claimhe lasraithe á fhearadh
ag Ceiribín”. De ghnáth is siombail í
an Ceiribín don ghrá agous b’fhéidir go bhfuil sí ag rá go bhuil sí á cosaint
mar gheall ar a grá dá iníon.
D’fhéadfadh sé a bheith freisin nach bhfuil an file ag iarradh go mbeadh
an Eaglais mar chosc ar a hiníon. Deir
sí freisin nach mbeadh náire uirthi ach oiread, go mbeadh saoirse iomlán
aici. “Ní bheadh gá le duilliúr fige
mar naprúin íochtair.”
Sa véarsa deireanach geallann an file,“seo dearbhú
ó do Mhaithrín”, go rachfadh sí “idir dhá mhuilleann i muillte Dé chun nach
milltí thú mín, mín.” Tá a grá di comh
láidir sin go rachadh sí i gcoinne mín Dé agus go dtabharfadh sí a bheatha féin
ar a son.
Tá saghas eile grá le feiceáil sa dán seo
freisin. Tá grá ag an bhfiledon nádúr
mar go bhfeiceann sí comhionnas idir an dúlra ag fás agus a hiníon bheag. Luann sí an “feileastrom” an “gearrcach éin” agus “an portán glas ag
siúl... go néata”, mar rudaí ina bhfuil sí ag iarradh go gcuirfeadh an pháiste
suim chun cabhrú lena forbairt agus chun taitneamh a bhaint astu.