GAEILGE PÁIPÉAR 1
An Mhílaois
Tá an mhílaois druidte linn faoi dheireadh. Ach, ar nfóigh breathann an ráiteas sin ar cén dearcadh atá agat. Dár le daoine áirithe baineann an bhlian 200 leis an bhfichiú haois agus ní thosnóidh an mhílaois nua go dtí an bhlian seo chugainn. Ach, ar aon chaoi, níor chur an saghas sin díospóíreacht isteach nó amach ar an gcéiliúradh a eagraíódh ar son na hócáide seo. Chaith mé féin an oíche i gcomhluadar mo chlainne. D’eagraigh m’aintín cóisir dúinn i nDún Dealgan. B’éigean do m’athair obair toisc go raibh ganntanas oibritheoirí ann an oíche sin. I mBaile Átha Cliath d’fhreastal an saol is a mháthair ar cheolchoirm ollmhór i gceartlár na cathrach agus phlandáil an realtas crainn dúinn go léir. I bhfad i gcéin eagraíodh féastaí difriúla agus suimiúla cé nár éirigh leo go léir. Faraor, níor chríochnaíodh an roth mór i Londain in am agus níor rug an túr Eifel ubh i bPáras. Dóibh siúd tháinig an mhílaois ró-luath.
Tar éis an chéiliúrtha go léir tá sé in am dúinn
smaoineamh ar na hathruithe go léir atá tagtha ar an saol le céad bliain
anuas. Ag féachaint siar ar an bhfichiú
haois is é an rud is suntasaí ná a oiread cogaí a bhí ann. Leo siúd tháinig fulaingt ar mhórchóir bach
bhfacthas cheana. Is sa bhfichiú haois
a chruthaítear na sluachampaí. Is sa
bhfichiú haois a maraíodh na mílte duine in aghaidh an lae le trealamh cogaidh
nua-aimseartha.
Is é an chúis leis an mórscrios seo ná an dul chun
cinn teicneolaíochta atá tarlaithe le caoga blian anuas. Tá athruithe chun na maitheasa tagtha ar an
saol ó thaobh chursaí chumarsáide, chursaí leighis, chursaí taistil agus
chursaí oibre de. Is féidir gach rud a
dhéanamh go tapaidh anois – ó airgead a fháil ón mbanc, go teachtaireacht a
chur thar sáile, nó taisteal thar lear fiú.
Tá uirlisí uathoibreacha ag aistriú an slí a n-oibríonn na
monarchain. Is féidir le ríomhairí iad
féin a mháistriú beagnach. Is é seo ré
órga na ríomhairí gan dabht.
Inár dtír féin tá claochló iomlán tagtha ar an ngeilleagar. Tá an Tíogar Ceilteach i réim in Éirinn agus leis sin tá ardú tagtha ar an líon airgid atá ag daoine le chaitheamh. Chruthaigh sé seo ardú as cuimse ar phraghas na dtithe, ach go háirithe, agus rudaí eile nach iad. Go teoiriciúil ba chóir go mbeadh feabhas tagtha ar an gcaighdeán maireachtála sa tír. Deirtear nach mar sin atá ach tugann an Tíogar Cheilteach deis dúinn dearmad a dhéanamh ar ár bhfadhbanna le “leigheas siopadóireachta”
In ainneoin an dul chun chinn seo tá roinnt rudaí
nár athraigh le teacht na mílaoise nua.
Is fadhb fós í an bhochtaineacht sa tír seo ahus as triú domhain. Cé go ndéantar iarracht den scoth gorta,
fulaingt agus éagóir a leigheas tá siad fós flúirseach agus ag déanamh damáiste
lá i ndiaidh lae.
Ar ndóigh, tá fadhb na ndrugaí fós linn agus ag
déanamh buaireamh do na mílte mar is gnáth.
Gné a dhéanann níos práinní an fhadhb ná an ardú atá tagtha ar líon na
coiriúleachta de bharr drugaí. Tá sé
costasach ar aindiúlach an nós a chothú.
Mar sin bíonn orthu an t-airgead a ghoid. Iompaíonn cuid acu ina mangairí iad féin agus scaipeann siad an
scúirse.
Chun cuir leis na fadhbanna sin tá achrann ann anois
mar gheall ar na teifigh agus caimléireacht na bpolaiteoirí. Tá fadhb na dteifigh i mbéal an phobail faoi
láthair toisc go bhfuil a oiread sin acu ag teacht i dtír ón Rómáin. Cuirtear i dtearmainn anseo iad go dtí go
bhfuil tithe réidh dóibh. Níl cead
oibre acu go dtí go dtugtar stádas na dteifigh dóibh. Tugtar bia, tithe, éadaí agus rudaí eile nach iad dóibh saor in
aisce. Bíonn an fórmhór acu ag lorg
deirce ar na sráideanna agus gnóthaíonn siad tuilleadh airgid sa slí seo. Is cnámh spáirne é seo do líon mhór daoine.
Le na binsí breithimh, na scanaill faoi na cuntaisí
bainc ar oileáin Caymen, agus na hiarratais pleanála is beag pholaiteoir nach
bhfuil caimléireacht curtha ina leith. Agus
leis an liodán scanaill is beag measa atá fágtha ag an bpobal orthu ach
oiread. Is cosúil go bhfuil na polaiteoirí
ag cruthú níos mó fadhbanna ná mar atá siad ag réitiú na laethanta seo.
Caithfear a adhmháil nach áit fhoirfe í an domhan
ina mairimíd sa mhílaois seo. Cinnte tá
fadhbanna gan réiteach ann agus ceisteanna choigilteacha nua atá ag teacht faoi
deara. Ach tá go leor cúiseanna dóchais
ann freisin a thabharfadh le fios go raibh cúis mhaith againn bheith ag céiliúradh
oíche chinn bhliana agus go bhfuil todchaí geal i ndán don domhan.