GAEILGE PÁIPÉAR 1 NOTES
Alt Nuachtáin
1997 páipéar samplach
Táthar chun foirgneamh tábhachtach i do cheantar féin a leagan. Scríobh an tuairisc a chuirfeá chuig an nuachtán
Anois faoin scéal.
De háoine seo caite, ag cruinniú míosúil Comhairle Chondae Mhuineacháin, beartaíodh ceadúnas a thabhairt d’fheirmeoir áitiúl, caisleán Mhic Chionnaith a leagan. Tógadh an caisleán, atá i ndrochstaid anois, sa bhliain 1350. Tá an caisleán agus an cheantar maguaird i seilbh an Uasail Uí Bhroin faoi láthair. Dár leis, is contúirt é an foirgneamh. D’iarr sé ceadúnas é a leagadh agus cró a thógáil ina ionad. D’aontaigh an Comhairle leis agus is cosúil go dtosnóidh an leagan i gceann dhá sheachtain.
Ach tá grúpa oidhreachta na háite glan i gcoinne an bhreithiúnais seo. Deir siad gur cuid de stair na háite é an caisleán agus gur cóir é a choiméad. Bhris argóint torannach amach idir iad agus an chomhairle nuair a tugadh an breithiúnas. Chuir an tUasal Mac Mathúna, uachtarán na heagraíochta, i leith Cathaoirleach an Chomhairle Chondae nach raibh aon suim aige i gcultúr na háite agus gur cuma leis faoi gach rud seachas gnó. Shéin an Cathaoirleach an ráiteas seo agus bhagair sé na gardaí ar an Uasal Mac Mathúna agus a shlua. Leis sin d’fhág siad an criunniú.
Ní hé seo an chéad uair a raibh trioblóid ann idir an Comhairle agus an grúpa oidhreachta. Dhá mhí ó shin thangadar in aghaidh a chéile nuair a beartaoídh cúrsa gailf nua a thógáil,in aice le loch Uí Dhufaigh, dhá mhíle lasmuigh den bhaile, áit a bhíodh crannóg, de réir seanscéalta. D’iarr an grúpa oidhreachta tochailt a bhúnadh sula dtosnaífear leis an faice gailf a thógáil. Tá an tochailt ar siúl ag an ionad faoi láthair, féachaint an féidir teacht ar fínise go raibh an crannóg ann. Go dtí seo níl aon rud aimsithe. Is cosúil go gcosnóidh an próiséis seo thart fá leath mhilliún punt toisc go gcaithfear léibhéil uisce loch Uí Dhufaigh a choinnéal síos le linn na tochailte. Beidh an tochailt ag leanacht ar aghaidh ar feadh ceithre mhí eile.
“cothramaíocht
nua”